Eo Teilifís

Bunaíodh an comhlacht Eo Teilifís i 1989 agus tá sé anois ar cheann de na comhlachtaí léirithe theilifise is rathúla in Éireann. Tá go leoir fás déanta ag an comhlacht le sé bhliain déag anuas, tá leathniúint taca ar na líon cláracha atá dhá léiriú againn agus chaith maith le sin bhuna muid comhlacht áiseanna theilifíse Iarfhís.  Tá Iarfhís in ann áiseanna den scoth agus criú le taithí a chuir ar fail a bheadh oiriunach do aon chinéal léiriucháin agus chaith maith le seo tá ionad sonrach le suíomh sráid bhaile beag traidisiúnta agus dhá studio san áireamh atá réitithe amach le treallamh den scoth.

Tá seasamh idirnáisiúnta bainte amach ag Eo Teilifís i léiriú clár ar ardchaighdeán do pháistí i nGaeilge agus i dteangacha mionlaigh Eorpacha eile.  Tá an sraith puipéadú Mire Mara aistrithe go naoi gcinn déag de theangacha agus i 1996, bhain sé amach an duais don chlár is fearr do pháistí ag an bhféile Ceilteach Teilifíse agus Scannán.  Chaith maith le seo tá leiriú déanta again ar na cláracha paistí seo leanas;

'Citi Crash', 26 x 4 nóiméad a bhí páirt do 'The Morbegs', 'Mise agus Pangur Ban' agus 'Geibheann', sraith dramaíochta fantaisiocht 6 x 26 nóiméad do deagóirí.

I 1996, fuair EÓ Teilifís, i gcomhar lé Léirithe Thír Eoghain, coimisiún uaidh TG4 chun an sobal drama, 'Ros na Run' clár ancaire an staisiún a léiriú.  Is é seo an coimisiún aonarach is mó atá fáighte ag comhlacht léiriucháin i stair croalacháin na hÉireann agus tá sé anois ag léiriú an deichiú sraith. Tá 'Ros na Rún' dhá chroaladh ag WYBE Philadelphia chuig 2.9 milliún Teaglach.

 

 

Tyrone Productions - Próifíl

Is iad Tyrone Productions ceann de na cuideachtaí léiriúcháin is mó atá chun cinn in Éirinn.   Bhunaigh John McColgan agus Moya Doherty an chuideachta i 1987, is iadsan a léirigh an seó stáitse mór le rá Riverdance ina dhiaidh sin.

Tá clú gan sárú bainte amach ag Tyrone Productions as a bhfís, a scileanna agus a ngairmiúlacht agus cruthaítear cláir d'ardchaighdeáin, oibríonn siad feadh roinnt seánra lena n-áirítear drámaíocht, cláir faisnéise, cláir siamsaíochta agus léiriúcháin corparáide a bhíonn saindéanta do chliaint.

Seo a leanas na cláir atá á léiriú acu i láthair na huaire:  Ros na Rún - Sobalchlár TG4 atá ar siúl le fada.   Feith (teideal oibre) 8 x leath uair an chloig de dhráma do dhaoine óga do TG4, rinneadh an scannánú i mBéal Feirste agus tá sé le dul amach ar an aer in Eanáir 2008, tá an clár seo á chomhléiriú le Eo Fis agus le Sterling Film and Television. Ireland's Generation Game - sraith fíorasach 3 chlár scríofa agus curtha i láthair ag David McWilliams do RTÉ.   Seoige and O'Shea - seó lae beo laethúil á chur i láthair ag Gráinne Seoige agus ag Joe O'Shea.   Master Apprentice - sraith 6 chlár a leanann seisear daoine óga agus iad ag tosaigh amach ina rogha slí bheatha sa tionscal óstáin, fáilteachais agus lónadóireachta.

Tá Tyrone Productions mar chuid den Abhann Management Group; áirítear ar na cuideachtaí eile sa Ghrúpa Abhann Productions, a bunaíodh i 1995 chun an feiniméan Riverdance a léiriú, River Films, Cuideachta Léirithe Príomhscannán, River Productions, cuideachta léirithe stáitse agus Riverdream, cuideachta téatair.