Aisteoir: Bairbre Hergett
Clann & Caidreamh: Máire Uí Chonghaile, Peadar Ó Conghaile, Evan Ó Conghaile, Berni Ní Neachtain, Liam Ó Conghaile
Beathaisnéis:
Slí bheatha : Éirithe as Obair
Ní hí Sarah an tsamhail Éireannach de sheanmháthair a chaitheann an lá ag bácáil sconnaí nó ag cniotáil. Is í Sarah an bhrídeog ag gach bainis agus an corpán ag gach tórramh. Tá cumas aici rudaí a rá atá ar intinn gach duine, rud a fhágann daoine balbh go minic, a hiníon Máire ach go háirithe. Tréith amháin inmhianaithe atá an-ghann ag Sarah is ea an deastuiscint.